cnag

Fíbín Media

Gaillimh Meangadh Fíbín/Fíbín Media, An Tulach, Baile na hAbhann

Mionsonraí

Is comhlacht léiriúcháin teilifíse é Meangadh Fíbín a bunaíodh i gConamara i 2008 mar chuid den gcomhlacht drámaíochta agus puipéadóireachta Fíbín Teo. Bíonn muid ag forbairt, ag léiriú agus ag maoiniú cláir chruthaitheacha don teilifís don mhargadh anseo ag baile agus go hidirnáisiúnta. Tá cúigear fostaithe ag Meangadh Fíbín go lánaimseartha agus fostaíonn muid foireann neamhspleách do gach togra a léiríonn an comhlacht. Feidhmíonn muid trí mheán na Gaeilge agus tá Gaeilge ag an bhfoireann uile. Cé nach bhfuil an comhlacht i bhfad ar bóthar agus go bhfuil muid beag tá a saineolas daingnithe againn trí dhaoine a thabhairt isteach le taithí forleathan i gcúrsaí scannán agus teilifíse. 

Fuair 'Saol Faoi Shráid', sraith réamhscoile a léirigh muid ainmniúchán do ghradam IFTA i rannóg na nGasúir & Daoine Óga i 2015. Bhí Meangadh Fíbín ainmnithe don Ghradam Gnó as Gaeilge de chuid Institiúid Margaíochta na hÉireann an bhliain chéanna. Léirigh Meangadh Fíbín sraith eolaíochta do ghasúir ‘Is Eolaí Mé’ do TG4 i 2016 agus bhuaigh an tsraith Gradam Celtic Media don chlár is fearr do leanaí níos luaithe i 2017 agus fuair an tsraith ainmniúchán do ghradam IFTA i rannóg na nGasúir & Daoine Óga i 2018. 

Tá sraith puipéadóireachta réamhscoile léirithe ag Fíbín Media do RTÉjr,  'Mr Mender and The Chummyjiggers', leagan Béarla agus Gaeilge a craoladh i 2017. Léirigh Meangadh Fíbín sraith faisnéise do dhaoine fásta 'GAA Nua' i 2017 chomh maith agus bhí an tsraith ar an ngearrliosta do Shraith Teilifíse na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i 2018. Léirigh muid sraith ealaíne do leanaí réamscoile 'Ár Scéal' do Cúla 4 ar TG4 i 2018 agus tá an tsraith shiamsúil is déanaí do leanaí 'Is Mise' ag craoladh faoi láthair ar Cúla 4. 
. Léiríonn muid cláir theilifíse do TG4, RTÉ agus Setanta. Bíonn an comhlacht ag soláthar seirbhís dubála chomh maith trí Ghaeilge.

Téigh chuig Instagram Fíbín anseo 

Eolas

Darach Ó Tuairisg - Stiúrthóir, Micheál Ó Domhnaill - Stiúrthóir, Mary Bailey - Bainisteoir Léiriúcháin, Caitlín Nic Dhonnacha - Bainisteoir Margaíochta & Poiblíochta
091 505855
Luan-Aoine: 09.00 - 17.00

Suíomh: Gaillimh

Teagmháil Fíbín Media

Gnólachtaí

Gnólachtaí

Gnó na Míosa

Eolas

Cuireann Conradh na Gaeilge Eolaire Gnó PEIG i láthair i gcomhair le tacaíocht mhaoinithe ó Fhoras na Gaeilge

Déan Teagmháil Linn

Oifigí: 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. 
Uimhir Ghutháin: (01) 4757401 
Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Suíomh Idirlínwww.peig.ie