Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain
Aontroim
283 - 289 Bóthar Aontroma, Béal Feirste, Contae Aontroma, BT15 2GZ
Mionsonraí
Is foirgneamh mór ceithre theach / trí stóras é Áras Mhic Reachtain ar bhóthar Aontroma i dTuaisceart Bhéal Feirste. Tá an Áras ag feidhmiú mar lárionad Gaeilge, áit a bhfuil go leor spáis chun áiseanna a chur ar fáil, chun fiontair nua Ghaeilge a fhorbairt agus spáis oifige nó seomraí oiliúna a chur ar fáil d’eagraíochtaí Gaeilge eile. Anuas ar sin, cuireann muid scoth na siamsaíochta ó gach aird den tír ar siúl go míosúil i mBarr a’ Tí; ceolchoirmeacha, céilithe, seoltaí dlúthdhíosca, ceardlanna amhránaíochta agus drámaí san áireamh.
Is cúis bhróid dúinn í go bhfuil an amharclann nua seo againne réidh chun feidhmiú mar phríomháit drámaíochta, sheomra taispeántais ealaíne agus mar sheomra mór d’ár n-imeachtaí sóisialta le linn Scoil Samhraidh Mhic Reachtain - an Fhéile mhór bhliantúil. Titeann an Scoil Samhraidh Mhic Reachtain amach ar an tseachtain dheireanach de mhí Iúil, ina mbíonn na rudaí seo a leanas ar fáil: gearrchúrsa do dhaoine fásta (achan leibhéal ar fáil), campa samhraidh do dhéagóirí, club óige do pháistí bunscoileanna Béarla, ceardlanna drámaíochta agus ceardlanna ealaíne do pháistí bunscoileanna Gaeilge (iad uilig ó Luan go hAoine 10am-4pm), dráma, lón idirnáisiúnta agus Oíche na Scríobhaithe. Bíonn ceolchoirmeacha Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar siúl gach oíche, ó Luan go Satharn.