cnag

Amatsu Therapy Cluain Dolcáin

Átha Cliath 1 An Bóthar Nua, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22.

Details

Cad é Amatsu?
Teiripe fhisiceach éadrom is ea Amatsu. Déantar iarracht míchothromaíochtaí sa chorp a aithint agus a cheartú, pian a laghdú agus gluaiseacht choirp a fheabhsú.

Conas atá Amatsu éagsúil ó theiripí fisiceacha eile?
Tá Amatsu níos éadroime ná an-chuid teiripí fisiceacha eile. Dá bhrí sin, oireann an teiripe seo do raon leathan daoine: naíonáin óga agus daoine aosta mar aon le daoine a bhfuil airtríteas agus oistéapóróis orthu.

Teiripe iomlánaíoch atá ann. Ní dhírítear ar an áit a bhfuil an phian amháin, ach déantar iarracht teacht ar bhunchúis na péine tríd an gcorp iomlán a scrúdú.

An féidir le Amatsu cuidiú liomsa?
I measc na ngearán lenar féidir Amatsu a bheith ina chuidiú, áirítear:

- Pian/teannadh sna matáin, ailt, teannáin nó ballnaisc
- Pian sa mhuineál, sna guaillí nó sa droim
- Gualainn stromptha
- Sciaitíce
- Siondróm na conaire carpasaí
- Pian sna cromáin nó sna glúine
- Pian peilbheacha nó in íochtar an droma de bharr toirchis (i ndiaidh an chéad ráithe)
- Buinneáin
- Airtríteas (airtríteas réamatóideach san áireamh)
- Fadhbanna díleácha
- Tinnis cinn (áirítear pian a bhaineann le gnáthaimh fiacla)
- Brúchtadh
- Coiliceam/brúchtadh i naíonáin

Key Info

089 434 0846

Tags:

Location: Átha Cliath

Contact Amatsu Therapy Cluain Dolcáin

EN Single Business

Gnólachtaí

EN Featured Business