
Cumann Gaelach Leath Chathail
An Dún
Teach Mhíchíl 99 Sráid na nGael Dún Pádraig BT30 6BS
Details
Tá Cumann Gaelach Leath Chathail mar chuisle pobail na Gaeilge i gceantar Leath Chathail ó bunaíodh é i 1980. D’fhás an Cumann mar ghlór agus mar chomhtheaghmháil do Ghaeilgeoirí Leath Chathail fríd ghíomhaireachtaí - ina measc, imeachtaí sóisialta míosúla, turais, ranganna seachtainiúla agus comórtais. Tá naíscoil agus bunscoil bunaithe ag baill an Chumainn, chomh maith le scéim shamhraidh bhliantiúil. Oibríonn an Cumann ar son riachtanaisí Ghaeilgeoirí i ngach gné den tsaol, agus téann sé i mbun stocaireacht le Comhairle an Cheantair agus eagraíochtaí eile chun aird a dhíriú ar na riachtanaisí speisialta atá ag pobal na Gaeilge. Is eagraíocht charthanachta an Chumann, nach bhfuil claonadh polaítiúil nó creidimh ag baint léi. Is cúis bhróid é go bhfuil meascán breá de dhaoine pháirteach san eagraíocht dá réir gairme, creidimh, aoise agus inscne. Ar an suíomh seo, chífidh sibh bun-eolas faoin Ghaeilge i Leath Chathail.