cnag

Fíbín Teo

Gaillimh Seanscoil Sailearna, Inverin, Co. Galway

Details

Is comhlacht drámaíochta iad Fíbín atá lonnaithe i gConamara. Bunaíodh Fíbín sa bhliain 2003 agus tá thar 40 seó do dhaoine óga léirithe againn go dtí seo. Tá léirithe Fíbín feicthe ag breis agus 150,000 duine óg. Tá Fíbín ar an gcomhlacht drámaíochta Gaeilge is mó agus is gníomhaí in Éirinn. Cuireann muid saothair nua agus chlasaiceacha ar stáitse ar shlí chruthaitheach agus i stíl ar leith. Tá stíl Fíbín chomh héifeachtach agus chomh físiúil sin nach gcuireann an teanga bac ar aidhm na léirithe. Chun é seo a bhaint amach, úsáideann Fíbín puipéid, maisc, scáileanna, ceol, fuaim, agus le sraith de teicnící amhairc, stíl a fhorbairt nach bhfacthas roimhe sin i ndrámaíocht na hóige, agus go háirithe i ndrámaíocht na Gaeilge. Léiríonn Fíbín 3 nó 4 seó in aghaidh na bliana trí mheán na Gaeilge anseo in Éirinn agus i dtíortha thar lear. Déanann muid camchuairt bhliantúil mórthimpeall na tíre leis an dráma ‘An Triail’ atá ar churaclam na hArdteiste agus aithne forleathan orainn i scoileanna dá réir. Ainmníodh Fíbín do dhuais de chuid Irish Times/ESB National Theatre Awards, AIB Regional Arts Awards, Allianz Business to Arts Awards agus Top 50 Irish Language Business Awards.
Breathnaigh ar ár gcuntas YouTube

Key Info

091 505855

Location: Gaillimh

Contact Fíbín Teo

EN Single Business

Gnólachtaí

EN Featured Business