Féile na Bealtaine
Ciarraí
Dingle, Kerry
Details
Is féile ealaíon don chomhphobal í Féile na Bealtaine. Bíonn suas le céad imeacht éagsúil ar siúl i rith na féile. Tá sé de phrionsabal againn an Ghaeilge a úsáid a mhéid agus is féidir tríd an bhféile. Cé go mbíonn imeachtaí ann a chuirtear ar siúl amach is amach trí Ghaeilge – bíonn an-chuid imeachtaí eile ag an bhféile ina mbíonn an Ghaeilge in úsáid meascaithe leis an mBéarla. Creidimíd go bhfuil sé seo tábhachtach chun go n-osclófar an Ghaeilge do dhaoine nach bhfuil misneach acu as a gcuid Gaeilge.