Ionad Naomh Pádraig
Dún na nGall
Upper Dore, Bunbeg, Letterkenny, Co. Donegal
Details
Is coiste deonach iad coiste stiúrtha an Ionaid, mar atá Coiste Forbartha Dhobhair atá ag saothrú leo go beo bisiúil ar mhaithe le pobal na háite. Bíonn mórtas cine 's ceantair i gcroí lár a gcuid iarrachtaí uilig agus iad i mbun a gcuid oibre ag éisteacht le agus ag gníomhú ar son baill uilig an phobail, chun go mbeadh deis ag achan duine, idir leanbh 's liath, sult agus pléisiúr a bhaint as saol na Gaeltachta agus as an réimhse leathan imeachtaí sóisialta, cúltartha agus oideachasúil a chuirtear ar fáil díofa in Ionad Naomh Pádraig.