cnag

Tribal Roots

Ciarraí Coumeenoole Co. Kerry

Mionsonraí

Ranganna Djembai na hAfraice trí Ghaeilge agus Bia Orgánach.

Táim ag cur ranganna Djembai na hAfraice ar siúl trí Ghaeilge. Tá ocht mí déag caite agam ag foghlaim conas rithimí ó Guinea Conakary agus Mali a mhúineadh. Is druma déanta as adhmad an Djembai le craiceann gabhair ón Afraic. Tá 3 chineál druma eile a bhíonn á seinnt mar thionlacan don djembai: an djoun djoun, an sang ban, agus an ken kenny. Taispeánaim conas iad seo a sheinnt freisin.
Tá druma eile darb ainm an Bougou Rabou á mhúineadh agam, craiceann bó ar an cheann seo. Cuirim béim ar an dá lámh le go mbeidh siad chomh láidir le chéile. Cruthaíonn sé seo cothromaíocht i do chorp agus do cheann agus sin an bealach a múineadh dom ó na máistri in Iarrthar na hAfraice. Ag tús an ranga nó na ceardlainne, foghlaimeoidh daltaí faoin teicníocht a thaispeánann conas na nótaí a sheinnt. Sa dara leath den rang nó ceardlann beidh mé ag múineadh na rithimí.

Cuirim béile blasta ar fáil do dhaltaí ó mo ghairdíní féin agus ó mo chearca. Tá 3 sheomra codlata agam do dhaltaí, ceann amháin le dhá leaba singil agus dhá sheomra le leaba dúbáilte i ngach ceann acu. Má tá áit eile le fanacht ag teastáil, tá brú óige agus tithe leaba agus bricfeásta in aice liom freisin thíos an bóthar. Tá radharc den scoth amuigh ar an bhfarraige, na Blascóidi agus Skellig Míchel os comhair an tí, agus tá fuaim álainn taobh istigh den teach áit atá an-oiriúnach do ranganna djembai. Tá ranganna ar fáil do dhaoine ina n-aonar nó grúpaí. Ranganna gairide (uair go leith) nó ceardlann cúpla lá le fáil.

Eolas

Iain Ó Leocháin - Múinteoir Djembai
087 6232421
aranbothar@yahoo.com
Luan-Satharn

087 6232421
aranbothar@yahoo.com
Tags:

suíomh: Ciarraí

Teagmháil Tribal Roots

Gnólachtaí

Gnólachtaí

Gnó na Míosa

Gnó na Míosa: Coláiste na Rinne
Mionsonraí: Tá Gaeilge ag gach éinne sa chomhlacht seo.Uimhir Teagmhála: 05846128Seoladh ríomhphost: eolas@anrinn.comSuíomh idirlín: www.anrinn.comFacebook: https://www.facebook.com/Coláiste-na-Rinne-586067008163280/Twitter: @ColaistenaRinneUaireanta

Eolas

Cuireann Conradh na Gaeilge Eolaire Gnó PEIG i láthair i gcomhair le tacaíocht mhaoinithe ó Fhoras na Gaeilge.

Déan Teagmháil Linn

Oifigí: 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. 
Uimhir Ghutháin: (01) 4757401 
Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Suíomh Idirlínwww.peig.ie