cnag
img

SMIGSMIG

An Dún Iúr Cinn Trá

Mionsonraí

Déanann SMIGSMIG réimse úr-nua t-léinte galánta greannmhara Gaeilge, ag tabhairt deise do Ghaeil fud fad an domhain meangadh gáire a chur ar a n-aghaidheanna agus ‘cúpla focal’ ar a gcuid éadaí.
Tá dearaí cliste ar na t-léinte atá le díol ar www.smigsmig.com le manaí glice dá leithéid "Fleadh-ed Out" scríofa faoi íomhá d'uirlisí ceoil, agus "Teanga Bheo", le teanga mhór dhearg ar an léine féin.
Do dhaoine nach bhfuil Gaeilge líofa acu, téann cuir síos snasta spraíúil le gach dearadh ar an suíomh. Fosta tá éileamh á thaispeáint cheana féin sna Stáit Aontaithe don dearadh “Slán a Bhalla”, le híomhá d’uachtarán clúiteach taobh thiar de bhalla beag.
Is féidir le daoine léinte saincheaptha a fháil ó SMIGSMIG dá ghrúpa nó imeacht. Níl le déanamh ach ríomhphost a chur chuig slainte@smigsmig.com chun SPEISIALTEE a fháil deartha agus curtha i gcló go gasta.
Is í Louise Smith úinéir an chomhlachta agus tá sí lánsásta a cuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus an teanga a chur chun cinn i slí atá cruthaitheach, spraíúil agus sultmhar.
Is féidir seastán SMIGSMIG a shocrú d'imeachtaí Gaeilge agus tá na t-léinte ar fáil i roinnt siopaí sa tír anois - sonruithe ar facebook.com/smigsmigtees/

Eolas

0044 7814242547
slainte@smigsmig.com

0044 7814242547
slainte@smigsmig.com
Tags:

Suíomh: An Dún

Teagmháil SMIGSMIG

Gnólachtaí

Gnólachtaí

Gnó na Míosa

Eolas

Cuireann Conradh na Gaeilge Eolaire Gnó PEIG i láthair i gcomhair le tacaíocht mhaoinithe ó Fhoras na Gaeilge

Déan Teagmháil Linn

Oifigí: 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. 
Uimhir Ghutháin: (01) 4757401 
Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Suíomh Idirlínwww.peig.ie