cnag

Mireog

Mionsonraí

Bhunaigh Shona Shirley Macdonald, maisitheoir leabhar agus ealaíontóir ó Albain, agus Ciarán Ó Nualláin, ealaíontóir agus oide, Mireog i 2014. Tá ár dtáirgí deartha agus lámhphriontáilte againn inár stiúideo sa Rinn, Contae Phort Láirge, agus tá ár gcártaí beannachta priontáilte go digiteach in Éirinn.
Ag cónaí sa Ghaeltacht déanaimid gach iarracht an Ghaeilge a chothú trí dhearaí uathúla a chruthú i nGaeilge agus sna teangacha Ceilteacha eile, dearaí a thógann spreagadh ón mbéaloideas, ón timpeallacht nádúrtha agus ón teanga féin.

Déanaimid gach uile iarracht ár dtáirgí a dhéanamh chomh héiceabhách agus is féidir linn, agus ar an bhonn sin lámhphriontálaimid ar t-léinte EarthPositive atá déanta de chadás orgánach a thrádáiltear go heiticiúil, agus a dhéantar ag baint úsáide as fuinneamh na gréine agus na gaoithe amháin. Tá ár dtaetuáillí déanta de chadás orgánach ó Fairtrade, agus tá ár leabhair nótaí cruthaithe in Éirinn as páipéar 100% athchúrsáilte.

Uimhir theagmhála - 0871351367

Seoladh ríomhphost - ciaran@mireog.ie

Suíomh idirlín - 
www.mireog.ie


Eolas


Tags:

Suíomh:

Teagmháil Mireog

Gnólachtaí

Gnólachtaí

Gnó na Míosa

Eolas

Cuireann Conradh na Gaeilge Eolaire Gnó PEIG i láthair i gcomhair le tacaíocht mhaoinithe ó Fhoras na Gaeilge

Déan Teagmháil Linn

Oifigí: 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. 
Uimhir Ghutháin: (01) 4757401 
Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Suíomh Idirlínwww.peig.ie