cnag

Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain

Aontroim 283 - 289 Bóthar Aontroma, Béal Feirste, Contae Aontroma, BT15 2GZ

Mionsonraí

Is foirgneamh mór ceithre theach / trí stóras é Áras Mhic Reachtain ar bhóthar Aontroma i dTuaisceart Bhéal Feirste. Tá an Áras ag feidhmiú mar lárionad Gaeilge, áit a bhfuil go leor spáis chun áiseanna a chur ar fáil, chun fiontair nua Ghaeilge a fhorbairt agus spáis oifige nó seomraí oiliúna a chur ar fáil d’eagraíochtaí Gaeilge eile. Anuas ar sin, cuireann muid scoth na siamsaíochta ó gach aird den tír ar siúl go míosúil i mBarr a’ Tí; ceolchoirmeacha, céilithe, seoltaí dlúthdhíosca, ceardlanna amhránaíochta agus drámaí san áireamh.

Is cúis bhróid dúinn í go bhfuil an amharclann nua seo againne réidh chun feidhmiú mar phríomháit drámaíochta, sheomra taispeántais ealaíne agus mar sheomra mór d’ár n-imeachtaí sóisialta le linn Scoil Samhraidh Mhic Reachtain - an Fhéile mhór bhliantúil. Titeann an Scoil Samhraidh Mhic Reachtain amach ar an tseachtain dheireanach de mhí Iúil, ina mbíonn na rudaí seo a leanas ar fáil: gearrchúrsa do dhaoine fásta (achan leibhéal ar fáil), campa samhraidh do dhéagóirí, club óige do pháistí bunscoileanna Béarla, ceardlanna drámaíochta agus ceardlanna ealaíne do pháistí bunscoileanna Gaeilge (iad uilig ó Luan go hAoine 10am-4pm), dráma, lón idirnáisiúnta agus Oíche na Scríobhaithe. Bíonn ceolchoirmeacha Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar siúl gach oíche, ó Luan go Satharn.

Eolas

Ferdia Mac Carsún - Oifigeach Forbartha Gaeilge
(0044) (0)2890 749688

Oifig: 9am - 5pm ó Luan go hAoine.
Bíonn ranganna nó imeachtaí óige ar siúl go dtí 10pm san oíche le linn na scoilbhliana

(0044) (0)2890 749688
Tags:

suíomh: Aontroim

Teagmháil Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain

Gnólachtaí

Gnólachtaí

Gnó na Míosa

Gnó na Míosa: Coláiste na Rinne
Mionsonraí: Tá Gaeilge ag gach éinne sa chomhlacht seo.Uimhir Teagmhála: 05846128Seoladh ríomhphost: eolas@anrinn.comSuíomh idirlín: www.anrinn.comFacebook: https://www.facebook.com/Coláiste-na-Rinne-586067008163280/Twitter: @ColaistenaRinneUaireanta

Eolas

Cuireann Conradh na Gaeilge Eolaire Gnó PEIG i láthair i gcomhair le tacaíocht mhaoinithe ó Fhoras na Gaeilge.

Déan Teagmháil Linn

Oifigí: 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. 
Uimhir Ghutháin: (01) 4757401 
Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Suíomh Idirlínwww.peig.ie