cnag

Sárscoil Fíbín

Gaillimh Seanscoil Sailearna, Inverin, Co. Galway

Mionsonraí

Is dianchúrsa aisteoireachta é Sárscoil Fíbín do dhaoine óga idir 15-17 bliain d’aois ó cheantair Ghaeltachta agus Ghalltachta ó thuaidh agus ó dheas den teorainn. Cúrsa cónaitheach coicíse atá ann agus cé nach cúrsa Gaeilge é déanann muid a gcuid oibre ar fad trí mheán na Gaeilge. Cuireadh tús leis an Sárscoil i mí Iúil 2011 agus seo é an séú bliain as a chéile a bheidh muid ag reáchtáil na sárscoile. Más spéis leat taithí aisteoireachta/drámaíochta a fhoghlaim seo é an cúrsa duit!! Ní hamháin go mbeidh deis ag scoláirí snas a chur ar a gcuid Gaeilge ach cuirfear oiliúint orthu i gcúrsaí drámaíochta le saineolaithe amharclannaíochta agus teilifíse ar nós:
- Mícheál Ó Domhnaill (léiritheoir ar an tsraith ‘Aifric’ agus stiúrthóir le Fíbín Media)
- Stephen Darcy (aisteoir agus stiúrthóir)
- Paul Mercier (stiúrthóir Aifric agus Stiúrthóir Ealaíne Passion Machine)
- Laoise Ní Nualláin (Cumadóireacht Amhrán)
- agus neart aíonna eile.
Tá muid ag obair ar scéim píolótach do dhaltaí idirbhliana faoi láthair chomh maith ‘Sárscoil Fíbín don Idirbhliain’ a chuideoidh le gné an tógáil foirne agus an nascadh mar chuid den churaclam, arís cúrsa go hiomlán trí Ghaeilge!

Eolas

Caitlín Nic Dhonnacha - Bainisteoir Sárscoil Fíbín, Micheál Ó Domhnaill - Stiúrthóir Bainistíochta
091 505855
Luan-Aoine: 09.30 - 17.30

suíomh: Gaillimh

Teagmháil Sárscoil Fíbín

Gnólachtaí

Gnólachtaí

Gnó na Míosa

Gnó na Míosa: Coláiste na Rinne
Mionsonraí: Tá Gaeilge ag gach éinne sa chomhlacht seo.Uimhir Teagmhála: 05846128Seoladh ríomhphost: eolas@anrinn.comSuíomh idirlín: www.anrinn.comFacebook: https://www.facebook.com/Coláiste-na-Rinne-586067008163280/Twitter: @ColaistenaRinneUaireanta

Eolas

Cuireann Conradh na Gaeilge Eolaire Gnó PEIG i láthair i gcomhair le tacaíocht mhaoinithe ó Fhoras na Gaeilge.

Déan Teagmháil Linn

Oifigí: 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. 
Uimhir Ghutháin: (01) 4757401 
Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Suíomh Idirlínwww.peig.ie