cnag

Faoi

Eolaire Gnó PEIG.ie

Tá eolaire gréasáin do sheirbhísí Gaeilge ar fáil anois mar chuid den suíomh idirlín PEIG.ie. Tá an tseirbhís mhargaíochta nua seo á tairiscint ag Conradh na Gaeilge. Tá sé saor in aisce, tugann sé gné uathúil dhíolacháin (USP) do chuideachtaí agus d'fheadfadh sé cabhrú leo custaiméirí breise a mhealladh. Cuirtear eolas ginearálta faoi chuideachtaí a chláraíonn linn ar fáil, cosúil le sonraí teagmhála, uaireanta oscailte agus catagóir ghnó. Tá an t-eolas seo ar fáil do bhaill an phobail dá n-úsáid phearsanta féin. Tá an t-eolaire á fhorbairt ar mhaithe le heolas faoi sheirbhísí Gaeilge a scaipeadh agus úsáid na seirbhísí seo a ardú. Tá súil againn go bhfeidhmeoidh an t-eolaire uile-oileánda seo mar lárphointe eolais do phobal uile na hÉireann, agus iad ag lorg seirbhísí trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre.

Deich bhfáth gur chóir an Ghaeilge a úsáid i gcúrsaí gnó:

1. Is cúis bhróid í do mhuintir na hÉireann gur féidir leo úsáid a bhaint as a dteanga dhúchais féin.
2. Tá Gaeilge ag go leor daoine agus tá éileamh ann do sheirbhísí trí Ghaeilge.
3. Cruthaíonn an Ghaeilge nasc coitianta idir custaiméirí agus comhlachtaí.
4. Cruthaítear caidreamh agus dílseacht ar leith idir custaiméirí agus comhlachtaí mar gheall ar an nasc sin.
5. Cuireann úsáid na Gaeilge margaí nua ar fáil do chomhlachtaí.
6. Tugann an Ghaeilge aitheantas agus USP ar leith do chomhlachtaí in áit an mhargaidh.
7. Ardaítear líon na gcustaiméirí mar gheall ar ardú infheictheachta i measc phobal na Gaeilge.
8. Cuireann tréithe an dátheangachais go mór le stádas náisiúnta agus domhanda an chomhlachta.
9. Cruthaíonn sé eispéireas uathúil do thomhaltóirí, agus tugann sé léargas ar chultúr na hÉireann dóibh. 
10. Tá sé éifeachtúil ó thaobh costais de agus éasca le cur i bhfeidhm.

Tá an t-eolas seo bunaithe ar thaighde Brown 2015. Tuilleadh eolais anseo.

 

PriontáilRíomhphost

Eolas

Cuireann Conradh na Gaeilge Eolaire Gnó PEIG i láthair i gcomhair le tacaíocht mhaoinithe ó Fhoras na Gaeilge.

Déan Teagmháil Linn

Oifigí: 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. 
Uimhir Ghutháin: (01) 4757401 
Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Suíomh Idirlínwww.peig.ie